Alan Titley,Adrian Harte

Amach

Notify me when the book’s added
To read this book, upload an EPUB or FB2 file to Bookmate. How do I upload a book?
‘An bhfuil tú ag dul go lár an bhaile?
‘An bhfuil an fón póca leat?
‘Cén fáth nach bhfanfá istigh?’
Ní raibh a fhios agam cé acu ceann de naceisteanna sin a d’fhreagróinn ar dtús. Dá bhrí sin, níor fhreagair mé ceann ar bith acu. Chroith mé mo ghuaillí. Chuir mé mo lámha i mo phócaí. D’fhan mé leis an gcéad chuid eile den liodán.
Tháinig sé:‘Cén fáth nach ndéanann tú roinnt staidéir? Tá tú chun deiridh sa rang. Beidh mise náirithe agat nuair a fheicfidh mé an múinteoir. Nach bhfuil tionscadal le déanamh agat? Dá mbeifeá chomh maith ag staidéar agus atá tú ag dul amach bheifeá
ar an dalta is fearr sa rang.’
Bhí a béal ar luascadh. Uaireanta bhíodh eagla orm go dtitfeadh a cuid fiacla amach.
Bhí siad ag clagarnach le chéile anois mar a bheadh drumaí ann. Tháinig tiúin isteach i mo cheann ag an nóiméad sin. Bhí an tiúin ag dul ar aon rithim lena béal agus lena cuid fiacla. Nuair a stop an luascadh bhí a fhios agam go raibh mé slán. Amach liom.
This book is currently unavailable
30 printed pages
Have you already read it? How did you like it?
👍👎
fb2epub
Drag & drop your files (not more than 5 at once)